Skip to main content
Home Documents Game Manuals Conas Tileanna A Chruthu
Conas Tileanna A Chruthu

Conas Tileanna A Chruthu

Game Manuals · PDF
FilenameConas_Tileanna_a_Chruthu.pdf
Size0.01 MB
Subsection Conas Tileanna A Chruthu
Downloads0
Enjoying MacTrove? Anonymous downloads are free and unlimited. Create a free account to track favorites, contribute metadata corrections, and join the community chat.
Reader
Conas Tileanna A Chruthu
/
Loading…
OCR / Text contents
Conas Tíleanna a Chruthú le haghaidh Same Game ••• Réamhrá ••• I dteannta na dtíleanna a thagann in éineacht le Same Game, is féidir leat tíleanna seachtracha a chruthú agus a chur isteach i bhfillteán “Same Prefs”. Seo í an dealbha a ghabhann le sonraí na dtíleanna seachtracha: (“Comhaid Tíleanna” a thugaimid ar na comhaid seo.) Chun an cluiche seo a imirt le tíleanna de do chuid féin, níl le déanamh agat ach comhaid tíleanna a chruthú agus a chur isteach i bhfillteán “Same Prefs”. Seo mar is féidir leat comhaid tíleanna a chruthú. Bain leas as an uirlis "Pict -> Tíle", chun comhaid PICT a iompú ina gcomhaid tíleanna. Níl ort ach PICTeanna a tharraingt. ••• Conas PICT a tharraingt ••• Bain leas as ríomhchlár péinteála chun PICT a tharraingt. 24 x 24 líon na bpicteilíní atá i dtíl amháin. Is féidir suas le cúig cinn de thíleanna a chruthú. Ba cheart duit sé PhICT a chruthú, ceann amháin lena úsáid mar chúlra, agus cúig cinn lena n-úsáid mar thíleanna. Cuir na PICTeanna taobh le taobh, gan bearna ar bith eatarthu. Is é an chéad phatrún ar clé a úsáidfear mar chúlra. Mar shampla: Ba cheart pailéad an chórais a úsáid do phatrún le dathanna. Sábháil an pictiúr seo 144 x 24 (picteilín) mar chomhad PICT, gan picteilín bán ar bith a fhágaint timpeall air. Muran féidir leat pictiúr de na toisí áirithe seo a shábháil le do ríomhchlár péinteála, is féidir leat uirlis éigin eile a úsáid chuige sin, ClipBoard Magician(*) mar shampla. Ba cheart an pictiúr a chóipeáil agus ansin ábhar na Gearrthaisce a shábháil mar chomhad PICT le ClipBoard Magician. (*) Earra bog saor in aisce é ClipBoard Magician atá ar fáil ó Shumex, agus ó chomhadlanna ftp eile. Mura bhfuil teacht agat air, is féidir liom cóip a chur chugat mar ríomhphost. ••• Pict -> Tíle ••• Tarraing comhad PICT anuas ar dhealbh “Pict -> Tíle”. Más toisí éigin eile seachas 144 x 24 atá sa phictiúr sin, osclófar bosca airdill. Mura bhfuil fadhb ar bith ag baint leis, osclófar an bosca comhrá seo: -1- Sa réimse “Ainm na Tíle”, cuir isteach pé ainm is mian leat a thabhairt ar an bPICT. Léireofar an t-ainm seo ar Roghchlár na dTíleanna. Gliogáil “Tiontaigh” chun an pictiúr a shabháil mar chomhad tíle. ••• Chun Tíle a Shuiteáil ••• Anois tá do chomhad tíleanna féin agat. Tarraing isteach i bhfillteán “Same Prefs” é, agus gliogáil ar dhealbh an chluiche chun dul ag imirt. Bain triail as! Ba mhór agam é dá gcuirfeá cóip de do chomhaid tíleanna féin chugam. Takahiro Sumiya (sumi@cuby.mis.hiroshima-u.ac.jp) -2-
mp.ls