Conas Tileanna A Chruthu
Conas Tileanna A Chruthu
Game Manuals · PDF
| Filename | Conas_Tileanna_a_Chruthu_0.pdf |
|---|---|
| Size | 0.01 MB |
| Subsection | Conas Tileanna A Chruthu |
| Downloads | 0 |
Enjoying MacTrove?
Anonymous downloads are free and unlimited.
Create a free account to track favorites,
contribute metadata corrections, and join the
community chat.
Reader
Loading…
OCR / Text contents
Conas Tíleanna a Chruthú le haghaidh Same Game
••• Réamhrá •••
I dteannta na dtíleanna a thagann in éineacht le Same Game, is féidir leat tíleanna seachtracha
a chruthú agus a chur isteach i bhfillteán “Same Prefs”. Seo í an dealbha a ghabhann le sonraí
na dtíleanna seachtracha:
(“Comhaid Tíleanna” a thugaimid ar na comhaid seo.) Chun an cluiche seo a imirt le tíleanna de
do chuid féin, níl le déanamh agat ach comhaid tíleanna a chruthú agus a chur isteach i
bhfillteán “Same Prefs”. Seo mar is féidir leat comhaid tíleanna a chruthú. Bain leas as an uirlis
"Pict -> Tíle", chun comhaid PICT a iompú ina gcomhaid tíleanna. Níl ort ach PICTeanna a
tharraingt.
••• Conas PICT a tharraingt •••
Bain leas as ríomhchlár péinteála chun PICT a tharraingt.
24 x 24 líon na bpicteilíní atá i dtíl amháin. Is féidir suas le cúig cinn de thíleanna a chruthú. Ba
cheart duit sé PhICT a chruthú, ceann amháin lena úsáid mar chúlra, agus cúig cinn lena n-úsáid
mar thíleanna. Cuir na PICTeanna taobh le taobh, gan bearna ar bith eatarthu. Is é an chéad
phatrún ar clé a úsáidfear mar chúlra. Mar shampla:
Ba cheart pailéad an chórais a úsáid do phatrún le dathanna.
Sábháil an pictiúr seo 144 x 24 (picteilín) mar chomhad PICT, gan picteilín bán ar bith a fhágaint
timpeall air. Muran féidir leat pictiúr de na toisí áirithe seo a shábháil le do ríomhchlár péinteála,
is féidir leat uirlis éigin eile a úsáid chuige sin, ClipBoard Magician(*) mar shampla. Ba cheart an
pictiúr a chóipeáil agus ansin ábhar na Gearrthaisce a shábháil mar chomhad PICT le ClipBoard
Magician.
(*) Earra bog saor in aisce é ClipBoard Magician atá ar fáil ó Shumex, agus ó chomhadlanna ftp
eile. Mura bhfuil teacht agat air, is féidir liom cóip a chur chugat mar ríomhphost.
••• Pict -> Tíle •••
Tarraing comhad PICT anuas ar dhealbh “Pict -> Tíle”. Más toisí éigin eile seachas 144 x 24 atá
sa phictiúr sin, osclófar bosca airdill. Mura bhfuil fadhb ar bith ag baint leis, osclófar an bosca
comhrá seo:
-1-
Sa réimse “Ainm na Tíle”, cuir isteach pé ainm is mian leat a thabhairt ar an bPICT. Léireofar
an t-ainm seo ar Roghchlár na dTíleanna. Gliogáil “Tiontaigh” chun an pictiúr a shabháil mar
chomhad tíle.
••• Chun Tíle a Shuiteáil •••
Anois tá do chomhad tíleanna féin agat. Tarraing isteach i bhfillteán “Same Prefs” é, agus
gliogáil ar dhealbh an chluiche chun dul ag imirt.
Bain triail as! Ba mhór agam é dá gcuirfeá cóip de do chomhaid tíleanna féin chugam.
Takahiro Sumiya (sumi@cuby.mis.hiroshima-u.ac.jp)
-2-