Skip to main content
Home Documents Game Manuals Maidir Le Same Game
Maidir Le Same Game

Maidir Le Same Game

Game Manuals · PDF
FilenameMaidir_le_Same_Game.pdf
Size0.01 MB
Subsection Maidir Le Same Game
Downloads0
Enjoying MacTrove? Anonymous downloads are free and unlimited. Create a free account to track favorites, contribute metadata corrections, and join the community chat.
Reader
Maidir Le Same Game
/
Loading…
OCR / Text contents
Same Game don Macintosh Leagan 1.0.6 (1994/6/1) Is é seo an chéad leagan Gaeilge den chluiche Same Game. Is féidir leat an pacáiste seo a dháileadh saor in aisce ar dhaoine eile, ach na coinníollacha thíos a chomhlíonadh. Everson Gunn Teoranta a chuir Gaeilge ar an gcluiche seo, agus ar phacáistí go leor eile! Is féidir catalóg d’earra bog EGT a fháil, ach scríobh chuig an seoladh thíos, nó teachtaireacht leictreonach a chur chuig MGUNN@IRLEARN.UCD.IE nó EVERSON@IRLEARN.UCD.IE. Everson Gunn Teoranta 15 Port Chaeimhghein Íochtarach Baile Átha Cliath 2 Cluiche aonair é Same Game. /*----- Rialacha -----*/ Tig leat tíleanna a scríos, más den phatrún céanna iad, agus iad i dtadhall lena chéile go hingearach nó go cothrománach. Titfidh slám tíleanna anuas agus druidfidh slám eile isteach ó thaobh na láimhe deise chun na bearnaí a líonadh. /*----- Score -----*/ Gnóthóidh tú (n-2)^2 in aghaidh gach n-tíleanna scriosta. Beidh deireadh leis an gcluiche nuair nach féidir leat a thuilleadh tíleanna a scrios. Bainfear fuíoll na dtíleanna as do scór, ar an gcaoi seo: (Scór Iomlán) = (Cúil) - (Amú) Má éiríonn leat na tíleanna ar fad a scrios, tabharfar (tíleanna) x 5 phointe mar bhónas duit. /*----- Roghanna -----*/ Seo iad na roghanna atá ar an roghchlár 1. Dealaigh go beo Má roghnaítear é seo, glanfar na tíleanna ar ghliogáil na luiche aon uair amháin duit. Má dhíroghnaítear é seo, Caochfaidh na tíleanna an chéad uair a ghliogálfaidh tú an luch, agus glanfar iad nuair a ghliogálfaidh tú an tarna uair í. 2. Dearbhaidh Dealú Deiridh Má roghnaítear é seo, cuirfear bosca airdill ar taispeáint * nuair a ghlanfaidh tú na tíleanna deiridh * má éiríonn tú as i lár cluiche. 3. Fuaim Airde an challaire. 4. Tíleanna Cineálach tíleanna. Trí ranna atá ar an roghchlár seo, agus déantar tá trí rogha faoi gach roinn acu sin, ó thaobh líon na ndathanna (1/4/8). Más scáileán aondathach atá roghnaithe agat, is mar scáil a léireofar na roghanna 4/8 ngiotán. 5. Clár Imeartha Toisí an chláir. Trí chlár imeartha atá ar fáil: Mór (20 x 10), Beag (12 x 6) agus Bídeach (6 x 6). 6. Cúlra Is féidir cúlra an cháir imeartha a athrú, ach comhaid ina bhfuil acmhainní 'ppat' a chur i bhfillteán sainroghanna 'Same Prefs' agus 'BackGround' a thabhairt mar ainm air. Léireofar na cúlraí éagsúla ar an bhfo-roghchlár seo. Tig leat, mar shampla, alias a bhaineann le "Patrúin Deisce" do ríomhaire a chur isteach ann. (Nóta: Ní oibreoidh 'ppat' comhdhlúite) (Nóta: Ní oibreoidh acmhainní 'ppat' gan ainm) /*----- Riachtanaisí Córais -----*/ Éilíonn Same Game leagan 7 den chóras agus QuickDraw Daite 32-ghiotán. /*----- Cóipcheart -----*/ Earra bog saor in aisce é seo. Ní gá duit airgead ar bith a íoc as a úsáid, agus is féidir leat é a scaipeadh ar dhaoine eile, fad is nach ngearrann tú fiacha ar bith orthu agus nach ndéanfaidh tú athrú ar bith ar an gclár bunaidh ná fós ar na cáipéisí a ghabhann leis. Leagan bunaidh (ar UNI…

Showing first 3,000 characters of 3,570 total. Open the full document →

mp.ls