Maidir Le Same Game
Maidir Le Same Game
Game Manuals · PDF
| Filename | Maidir_le_Same_Game_0.pdf |
|---|---|
| Size | 0.01 MB |
| Subsection | Maidir Le Same Game |
| Downloads | 0 |
Enjoying MacTrove?
Anonymous downloads are free and unlimited.
Create a free account to track favorites,
contribute metadata corrections, and join the
community chat.
Reader
Loading…
OCR / Text contents
Same Game don Macintosh
Leagan 1.0.6 (1994/6/1)
Is é seo an chéad leagan Gaeilge den chluiche Same Game. Is féidir leat an pacáiste seo a
dháileadh saor in aisce ar dhaoine eile, ach na coinníollacha thíos a chomhlíonadh. Everson Gunn
Teoranta a chuir Gaeilge ar an gcluiche seo, agus ar phacáistí go leor eile! Is féidir catalóg
d’earra bog EGT a fháil, ach scríobh chuig an seoladh thíos, nó teachtaireacht leictreonach a
chur chuig MGUNN@IRLEARN.UCD.IE nó EVERSON@IRLEARN.UCD.IE.
Everson Gunn Teoranta
15 Port Chaeimhghein Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Cluiche aonair é Same Game.
/*----- Rialacha -----*/
Tig leat tíleanna a scríos, más den phatrún céanna iad, agus iad i dtadhall lena chéile go
hingearach nó go cothrománach. Titfidh slám tíleanna anuas agus druidfidh slám eile isteach ó
thaobh na láimhe deise chun na bearnaí a líonadh.
/*----- Score -----*/
Gnóthóidh tú (n-2)^2 in aghaidh gach n-tíleanna scriosta. Beidh deireadh leis an gcluiche nuair
nach féidir leat a thuilleadh tíleanna a scrios. Bainfear fuíoll na dtíleanna as do scór, ar an
gcaoi seo:
(Scór Iomlán) = (Cúil) - (Amú)
Má éiríonn leat na tíleanna ar fad a scrios, tabharfar (tíleanna) x 5 phointe mar bhónas duit.
/*----- Roghanna -----*/
Seo iad na roghanna atá ar an roghchlár
1. Dealaigh go beo
Má roghnaítear é seo, glanfar na tíleanna ar ghliogáil na luiche aon uair amháin duit.
Má dhíroghnaítear é seo, Caochfaidh na tíleanna an chéad uair a ghliogálfaidh tú an luch,
agus glanfar iad nuair a ghliogálfaidh tú an tarna uair í.
2. Dearbhaidh Dealú Deiridh
Má roghnaítear é seo, cuirfear bosca airdill ar taispeáint
* nuair a ghlanfaidh tú na tíleanna deiridh
* má éiríonn tú as i lár cluiche.
3. Fuaim
Airde an challaire.
4. Tíleanna
Cineálach tíleanna. Trí ranna atá ar an roghchlár seo, agus déantar tá trí rogha faoi gach
roinn acu sin, ó thaobh líon na ndathanna (1/4/8).
Más scáileán aondathach atá roghnaithe agat, is mar scáil a léireofar na roghanna 4/8
ngiotán.
5. Clár Imeartha
Toisí an chláir. Trí chlár imeartha atá ar fáil: Mór (20 x 10), Beag (12 x 6) agus Bídeach
(6 x 6).
6. Cúlra
Is féidir cúlra an cháir imeartha a athrú, ach comhaid ina bhfuil acmhainní 'ppat' a chur
i bhfillteán sainroghanna 'Same Prefs' agus 'BackGround' a thabhairt mar ainm air. Léireofar na
cúlraí éagsúla ar an bhfo-roghchlár seo. Tig leat, mar shampla, alias a bhaineann le "Patrúin
Deisce" do ríomhaire a chur isteach ann.
(Nóta: Ní oibreoidh 'ppat' comhdhlúite)
(Nóta: Ní oibreoidh acmhainní 'ppat' gan ainm)
/*----- Riachtanaisí Córais -----*/
Éilíonn Same Game leagan 7 den chóras agus QuickDraw Daite 32-ghiotán.
/*----- Cóipcheart -----*/
Earra bog saor in aisce é seo. Ní gá duit airgead ar bith a íoc as a úsáid, agus is féidir leat
é a scaipeadh ar dhaoine eile, fad is nach ngearrann tú fiacha ar bith orthu agus nach
ndéanfaidh tú athrú ar bith ar an gclár bunaidh ná fós ar na cáipéisí a ghabhann leis.
Leagan bunaidh (ar UNI…
Showing first 3,000 characters of 3,570 total. Open the full document →